1. Réamhrá: Leagann an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT) béim ar leith ar an riachtanas straitéiseach a bhaineann le cineálacha éagsúla pobal teanga a shainiú mar chéim tosaigh riachtanach i bpróiseas na pleanála teanga sa Ghaeltacht.[2] Is chuige sin a roinneadh na ceantair éagsúla sa Ghaeltacht i gCatagóirí anailíse d’fhonn ceantair éagsúla feidhme a aithint ina gcuirfí straitéisí éagsúla teanga i bhfeidhm iontu. Pléitear sa pháipéar seo ceithre ghné de stádas oifigiúil na Gaeltachta mar a bhí is mar atá i gceantair éagsúla i gCo. Mhaigh Eo: Cúlra na sainmhínithe oifigiúla a rinneadh ar cheantair oifigiúla Ghaeltacht Cho. Mhaigh Eo; Léargas ar chineál na Gaeltachta a shonraigh an SCT sna...