Tá an aiste seo bunaithe ar an ábhar atá i leabhar gearrthóg a bhain le Cáit Ní Dhonnchadha, deirfiúr Thorna (Tadhg Ó Donnchadha), atá le fáil mar earra neamhchláraithe i measc Bhailiúchán Thorna I Leabharlann Boole, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is mian liom spléachadh a thabhairt ar an méid a bhain sí amach le linn thréimhse na hAthbheochana, agus go háirithe sna blianta 1904-1913, an tréimhse atá i gceist san ábhar iriseoireachta sa leabhar gearrthóg. Díreofar ar na gnéithe seo a leanas dá saothar go háirithe: an pháirt a ghlac sí i ‘dtaibhléiriú’ an náisiúin, a cuid iarrachtaí chun smaointe féintuilleamaíocha a chur chun cinn, agus an ról lárnach a bhí aici i bhforbairt agus i gcur chun cinn na camógaíochta. Is éard a bheidh á áitea...