Is é aidhm an pháipéir seo anailís a dhéanamh ar phlean teanga Chiarraí Theas (Uíbh Ráthach) a réitíodh de réir rialachán Acht na Gaeltachta 2012. Déantar mionscagadh ar ábhar an phlean teanga a d’fhaomhaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sa bhliain 2018. Cuirtear lionsa anailíseach ar leith i bhfeidhm ar an gcomhthéacs teangeolaíoch agus socheacnamaíoch, ar spriocanna an phlean teanga, ar thorthaí an bhailiúcháin sonraí agus ar na príomhdhúshláin a bhaineann lena chur i bhfeidhm. Chuige sin, baintear feidhm as foinsí ábhartha éagsúla san anailís idir an plean teanga é féin, torthaí réamhphróisis na pleanála in Uíbh Ráthach, torthaí Daonáirimh agus tuarascálacha éagsúla ar fhorbairt pobail agus teanga Chiarraí Theas. Tar...