Tá go leor scríofa agus ráite sna meáin le blianta beaga anuas faoi chaighdeán Gaeilge múinteoirí na tíre. Leag an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta ag an am, Éamon Ó Cuív, an milleán ar na Coláistí Oideachais as an lagú tubaisteach seo ar chaighdeán Gaeilge na múinteoirí (Ní Chiaráin, 2007). Tá tacaíocht áirithe sa taighde do thuairim Uí Cuív faoi chaighdeán Gaeilge na múinteoirí cibé rud faoi áit a luíonn an locht. Léirigh dhá thuarascáil taighde go bhfuil thart ar an gceathrú chuid de mhúinteoirí bunscoile ann nach bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu leis an teanga a mhúineadh go héifeachtach (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2007; Harris, Forde, Archer, Nic Fhearaile, & O'Gorman, 2006). Bhí sé le rá ag príomhoidí Gaelscoi...